15
MAR
2022

Máire Mhac an tSaol – Gradam Fhilíocht na Gaeilge

Posted By :
Comments : 0

In onóir do Mháire Mhac an tSaoi, 1922-2021,

Is cúis áthais do Sheirbhísí Cultúir Chomhairle Chontae na Mí bunú Ghradam Fhilíocht na Gaeilge Mháire Mhac an tSaoi a fhógairt

 

In honour of Máire Mhac an tSaoi, 1922-2021,

Meath County Council Cultural Services are pleased to announce the establishment of the Máire Mhac an tSaoi Poetry in Irish Award

 

https://www.meath.ie/council/news/maire-mhac-an-tsaol-gradam-fhiliocht-na-gaeilge

 

Sonraí: 

  • Is éard atá i gceist leis an ngradam ná Máistir-Rang aon lae le Louis de Paor do chúigear rannpháirtithe.
  • Níl aon fhoirm iarratais.
  • Tá an gradam oscailte do chleachtóirí fhilíocht na Gaeilge ar oileán na hÉireann.
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 18 mbliana d’aois.
  • Ba chóir d’iarratasóirí a bheith in ann tiomantas agus gaisce ina réimse roghnaithe a thaispeáint.
  • Dáta deiridh: Dé hAoine an 27 Bealtaine ag 5.00 i.n.

Chun iarratas a dhéanamh ní mór d’iarratasóirí na rudaí seo a leanas a chur isteach:

  • Beathaisnéis mhionsonraithe nó CV lena n-áirítear seoladh reatha, uimhir ghutháin, sonraí teagmhála srl.
  • Sampla réasúnta dá gcuid oibre le huasmhéid de 5 phíosa.
  • Litir iarratais sínithe.
  • Togra oibre – ba cheart d’iarratasóirí a rá go soiléir cad is mian leo a bhaint amach leis an ngradam seo. Is é an chreatlach thionscadail a  shocróidh cúrsaí agus ba cheart a thaispeáint léithí go bhfuil an scríbhneoir ag obair i dtreo bailiúcháin saothair ar leith lena mbeadh comhairle, eolas agus saineolas Louis de Paor ina chabhair.
  • Ní mór an sampla oibre a bheith i nGaeilge bíodh is go bhféadfadh an t-iarratas a bheith i nGaeilge nó i mBéarla.

 

 

Details:

  • The award consists of a one-day Master Class with Louis de Paor for five participants.
  • There is no application form.
  • The award is open to practitioners of Irish language poetry on the island of Ireland. Applicants must be over 18 years of age.
  • Applicants should be able to show commitment and achievement in their chosen field.
  • Closing date: Friday 27th May, 2022 at 5.00 p.m.

Applications Process – To apply, please submit the following:

  • Detailed biography or CV including current address, telephone number, contact details etc.
  • A reasonable sample of work.
  • A signed letter of application.
  • A work proposal – applicants should state clearly what they wish to accomplish from this award. This project outline is a deciding factor and should demonstrate that the writer is working towards a particular body of work which would be helped by the advice, knowledge and expertise of Louis de Paor.
  • The work sample must be in Irish while the application may be in Irish or English.

     

    Máire Mhac an tSaoi 1922 – 2021

    Bhí Máire Mhac an tSaoi ar dhuine d’fhilí na Gaeilge ba mhó le rá na hÉireann. Áirítear lena cnuasaigh filíochta Codladh an Ghaiscígh, 1973, An Galar Dubhach, 1980 (Sairséal agus Dill an bheirt acu), An cion go dtí seo (Collected Poems, foilsithe in 1987) agus Shoah agus Danta eile, 1999 (Sairséal Ó Marcaigh an bheirt acu). An cáil uirthi don chumas a bhí aici foirmeacha traidisiúnta agus clasaiceacha a shníomh le téamaí nua-aimseartha, labhair sí faoi agus ó thaithí dhlúthphearsanta na mban ag am nach raibh guth na mban le cloisteail den chuid is mó.

    Tharraing a céad chnuasach filíochta, Margadh na Saoire (1956), aird na léirmheastóirí. In 1968, d’aithin Filíocht Ghaeilge na Linne Seo de chuid Frank O’Brien Mhac an tSaoi mar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge. Tar éis Margadh na Saoirse, d’fhoilsigh sí aistriúcháin ar dhánta Gaeilge i A Heart Full of Thought (Dolmen, 1959), agus aistriúcháin go Béarla de dhánta Monsignor de Brún i Miserere (Gill & Macmillan, 1971).

    Nuair a bhí Mhac an tSaoi amach sna blianta tháinig bláthú sa bhreis ar a hobair liteartha agus scolártha. I measc na bhfoilseachán bhí leabhar d’aistriúcháin eile Trasládáil, (Lagan Press, 1997), nóibhille faoi Piaras Feirtéar, A Bhean Óg Ón (Cló Iarchonnacht 2001) agus an obair scolártha Cérbh í Meg Russell? (Leabhar Breac, 2008), with Máire Mac Conghail agus Liz Ó Droma. In 2011, d’fhoilsigh O’Brien Press agus Cló Iarchonnacht, An Paróiste Míorúilteach/The Miraculous Parish, rogha dhátheangach dá gcuid dánta, curtha in eagar ag Louis De Paor. An bhliain chéanna sin bhuaigh a nóibhille Scéal Ghearóid Iarla Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar Gaeilge na bliana.

    Dar le Máire, bhí an Ghaeilge ríthábhachtach d’Éirinn mar “an príomhspreagadh i gcruthú fíorchultúr Eorpach” agus labhair sí faoi ámharaí an tsaoil a thug chun na Gaeltachta í, gan an eispéireas seo “bheadh an saol i bhfad Éireann níos measa”

    Bhí Máire sa Chór Taidhleoireachta, glaodh chun an Bharra í, agus chomh maith le bheith ina file, léirmheastóir, aistritheoir, bean léinn agus scoláire ba ea í. Bhí sí ina cónaí lena híníón san Uaimh, Co.na Mí le roinnt blianta roimh di bás a fháil, áit ar bhain sí taitneamh as seirbhísí Leabharlann na hUaimhe.

     

    MAIRE MHACAN tSAOI, 1922-2021 

    Maire Mhac an tSaoi was one of Ireland’s foremost Irish language poets. Her poetry includes Codladh an Ghaiscfgh, 1973, An Golar Dubhach, 1980 (both Sairseal agus Dill), An cion go dtí seo (Collected Poems, published in 1987) and Shoah agus Danta eile, 1999 (both Sairseal 6 Marcaigh). Renowned for her ability to merge traditional and classical forms with modern themes, she spoke to and from the intimate experience of women at a time when women’s voices were largely inaudible.

    Her first poetry collection, Margadh no Saoire (1956), brought early critical attention. In 1968 Frank O’Brien’s Fi/(ocht Ghaeilge no Linne Seo recognised Mhac an tSaoi as a major Irish language poet. She went on to published translations of Irish language poems in A Heart Full ofThought (Dolmen, 1959), and translations to English of poems by Monsignor de Brun in Miserere (Gill & Macmillan, 1971).

    Mhac an tSaoi’s later years saw a further blossoming of her literary and scholarly work. Publications included another book of translations, Trasladail, (Lagan Press, 1997), a novella about Piaras Feirtear, A Bhean 6g 6n (Clo larchonnacht 2001) and the scholarly work Cerbh ( Meg Russell? (Leabhar Breac, 2008), with Maire Mac Conghail and Liz 6 Drama. In 2011 An Paróiste Míorúiltach/The Miraculous Parish, a bilingual selection of her poems, edited by Louis de Paar, was published by The O’Brien Press and Clo larchonnacht. In that same year her novella Scea/ Ghear6id /aria won the Gradam UT Shuilleabhain for the Irish language book of the year.

    In Maire’s view, the Irish language was vital to Ireland as “the prime catalyst in the creation of a truly European culture”. She spoke of the good fortune that brought her to the Gaeltacht, without this experience
    “life would have been inconceivably poorer”.

    Maire served in the Diplomatic Corps, was called to the Bar and, in addition to being a poet, was a critic, translator, academic and scholar. She lived with her daughter in Navan, Co. Meath for a number of years where she enjoyed the services of Navan library.

     

    https://www.meath.ie/council/news/maire-mhac-an-tsaol-gradam-fhiliocht-na-gaeilge

About the Author

Leave a Reply