29
MAR
2021

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Treoirphlean an Rialtais maidir le hathrú a chur ar shaol na tuaithe in Éirinn

Posted By :
Comments : 0

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Treoirphlean an Rialtais maidir le hathrú a chur ar shaol na tuaithe in Éirinn 

  • Deis faoi leith maidir le Forbairt na Tuaithe tar éis COVID-19 
  • Béim mhór ar Chianoibrithe a mhealladh go dtí pobail faoin tuath  
  • Athbheochan ar lár na mbailte móra, postanna faoin tuath, turasóireacht eachtraíochta, an geilleagar glas agus forbairt na n-oileán lárnach maidir leis an mbeartas nua 
  • Deiseanna nua maidir le r-Shláinte, foghlaim i gcéin, trádáil ar líne agus cineálacha nua teicneolaíochta mar gheall ar cheangal leathanbhanda a chur ar fáil  
  • Straitéis cúig bhliana agus nuashonrú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta ina bhonn treise fúithi

 

Dé Luain, 29 Márta 2021

D’fhoilsigh an Rialtas inniu Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, an beartas claochlaitheach is airde aidhmeanna maidir le forbairt na tuaithe in Éirinn le blianta fada.

 san áireamh leis an mbeartas an claochlú mór ar nósanna maireachtála agus oibre i rith phaindéim COVID-19 agus na deiseanna suntasacha a chuirtear dá bharr sin roimh an bpobal i bpobail faoin tuath – idir cianobair agus athbheochan ar lár na mbailte móra, cruthú fostaíochta agus geilleagar glas a thabhairt chun cinn, nó forfheabhsú ar áiseanna faoin aer.

Sheol an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar, Heather Humphreys, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Eamon Ryan, an tAire Iompair agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an straitéis cúig bhliana i bPáirc an Chrócaigh.

Leagtar amach treoirphlean i Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann don fhorbairt ar cheantair tuaithe na hÉireann as seo go ceann cúig bhliana.

Tá 150 gealltanas ar fud an Rialtais ag cur leis an straitéis seo trína dtabharfar faoi dheacrachtaí atá roimh an bpobal sna comharsanachtaí agus trína gcruthófar deiseanna nua do dhaoine a mhaireann faoin tuath.

an plean ina chúnamh maidir le saol na tuaithe in Éirinn a thabhairt ónar tháinig le COVID-19, forbairt fhadtéarmach a thabhairt i gcrích i gceantair faoin tuath agus réimeas pobail agus eacnamaíochta níos seasmhaí a chruthú don am atá romhainn.

 

Ag labhairt dó ag seoladh an pholasaí, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Tá Éire ag cur tús le ré nua lena mbaineann athrú nach bhfacthas riamh cheana, agus tagann deiseanna nach bhfacthas riamh cheana le hathrú dá leithéid.

“Tá bealaí nua aimsithe againn i rith na paindéime chun tabhairt faoi obair agus tá ár bpobail féin aimsithe in athuair againn.

“Cuireann an beartas atá á sheoladh inniu againn, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, creat ar fáil chun ceantair na tuaithe a fhorbairt sna cúig bliana romhainn amach.

“Tá an beartas réamhbhreathnaitheach agus uaillmhianach agus tugann aghaidh ar dhúshláin atá roimh cheantair thuaithe agus ar na deiseanna a mbeidh geilleagar agus pobail faoin tuath ábalta leas a bhaint astu araon.

“Ceantair thuaithe atá lárnach d’fholláine agus d’fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta, cultúir agus timpeallachta náisiúnta fís an Rialtais.

“Is ar chumas, ar scileanna agus ar chruthaitheacht na ndaoine i bpobail faoin tuath; ar an tábhacht a bhaineann le háiteanna fuinniúla faoin tuath ina bhfuil daoine ina gcónaí; agus ar an acmhainn atá ann jabanna d’ardchaighdeán a chruthú agus ár dtimpeallacht i gcomhar a chothú atá an fhís sin ag brath.

“Beidh ról lárnach ag ceantair thuaithe na hÉireann sa téarnamh ó thionchar COVID-19.

“Beidh na gealltanais a leagadh amach inniu chun leasa daoine aonair, teaghlach, pobal agus gnólachtaí. Feabhsófar folláine agus caighdeán saoil daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe faoin mbeartas seo.

“Cothóidh sé pobail agus geilleagar láidre agus inbhuanaithe faon tuath trí infheistíocht, tacaíochtaí agus seirbhísí. Agus cinnteoidh sé go mbeidh pobail tuaithe i gcroílár leagan amach agus sholáthar na bhfreagraí a shásaíonn riachtanais áitiúla.”

 

Dúirt Heather Humphreys, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail:

“Is díol suntais Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann maidir leis an gcaoi a gcuirtear chuig an bhforbairt tuaithe in Éirinn.

“Agus sinn ag teacht ón gcur isteach a bhaineann le paindéim COVID-19, tá deis faoi leith againn athshamhlú a dhéanamh ar shaol na tuaithe in Éirinn agus leas a bhaint as cumas, scil agus éirim na ndaoine i measc phobal na gceantar tuaithe.

“Le blianta fada, feictear na pátrúin idirnáisiúnta lena ngabhann daoine óga ag fágáil a bpobal féin faoin tuath chun dul ag obair agus ina gcónaí sna cathracha móra.  Ní tharlóidh arís go deo deis chomh maith agus atá againn agus sinn ag teacht ó phaindéim COVID-19, athrú ó bhonn a chur ar an bpátrún ainsealach sin.

“Tá deis leis an athrú go dtí socruithe cianoibre, ar bonn treise faoi an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a thabhairt i gcrích, athrú mór a thabhairt i bhfeidhm faoin tuath in Éirinn.

“Tabharfaidh sin deis do dhaoine oibriú ina bpobail féin, cuirfear beocht i lár na mbailte móra, giorrófar turais chun na hoibre, laghdófar astaíocht ó dheiseanna iompair agus – an ní is tábhachtaí – cuirfidh sé le caighdeán an tsaoil atá ag muintir na tíre.”

 

Dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar:

“Táimid ag iarraidh níos mó daoine a bheith ag obair i ngach cearn den tír, agus jabanna d’ardchaighdeán chomh maith le ionchais mhaithe maidir le gairmeacha beatha a bheith ar fáil dóibh. Is léir anois dúinn an méid is féidir a bhaint amach maidir le cianobair agus obair sholúbtha de bharr phaindéim COVID-19. Is bealach amháin don Rialtas é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann sin a bheith ina rogha buan.

“Cuideoidh Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann le hearnálacha na turasóireachta agus an fháilteachais teacht chucu féin arís i ndiaidh na pandéime, jabanna a chruthú sa Gheilleagar Glas agus san earnáil Agraibhia, agus beidh sé níos éasca gnólachtaí a shocrú suas agus a fhorbairt i gceantair thuaithe na hÉireann dá bharr.

“Ciallaíonn sé go mbeidh níos mó daoine ábalta cur fúthu ina bpobail féin nó bogadh go dtí pobail nua agus an rogha ann dóibh fostaíocht d’ardchaighdeán a fháil. Ní bheidh an oiread céanna taistil chun na hoibre agus ón obair i gceist, cothófar pobail níos bríomhara ós rud é go mbeidh níos mó ama ag daoine lena dteaghlaigh, lena gcomharsana, i gcumainn agus le heagraíochtaí áitiúla.

“Tá tábhacht mhór ag leathanbhanda chun sin a thabhairt chun fíre. Tá tús curtha leis an obair sin cheana féin. Táim bródúil a bheith páirteach sa Rialtas a thosaigh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda – an infheistíocht is mó i réimsí tuaithe na hÉireann ó tháinig an leictreachas. Agus táim chomh bródúil céanna a bheith páirteach sa Rialtas atá á chur i bhfeidhm anois.”

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair:

“Is fiú ardaidhmeanna a chur romhainn maidir le saol na tuaithe in Éirinn. Mar gheall ar infheistíocht an Rialtais i mbearta maidir leis an aeráid, cruthófar deiseanna nua fostaíochta faoin tuath i réimsí éagsúla, mar shampla maidir le fuinneamh inathnuaite, aisfheistiú, feirmeoireacht inmharthana agus turasóireacht.  Beidh príomhthábhacht leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda maidir lena thabhairt gur féidir gnólachtaí nua a thabhairt chun cinn i réigiúin agus i gceantair thuaithe na hÉireann chomh maith le deiseanna breise ag daoine oibriú ón mbaile.  Faoin gCiste don Athrú Cóir, tá bonn á chur ag an Rialtas roimh athoiliúint agus atraenáil ar oibrithe faoin tuath agus cúnamh á thabhairt don phobal agus do ghnólachtaí áitiúla dul in oiriúint don athrú go dtí geilleagar atá éadrom ó thaobh carbóin.

Is mian linn forbairt agus athbheochan na mbailte agus na sráidbhailte faoin tuath a chur i gceartlár an chúraim agus cinntí á ndéanamh, ionas go mbíonn siad ina n-ionaid bhríomhara inar féidir le daoine maireachtáil, oibriú agus saol sóisialta a chaitheamh, le roghanna acu siúl nó rothaíocht a dhéanamh nó córas iompair phoiblí a úsáid ag dul ó dhuine go duine agus ó áit go háit.  Leanfaidh an Rialtas de chuidiú leis an ngluaisteacht seo tríd an Údarás Náisiúnta Iompair agus tá ciste €72m á chur ar fáil i rith na bliana 2021 maidir le córas ardchaighdeáin rothaíochta agus coisíochta a chur ar fáil i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuath in Éirinn.  Trí Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann a chur i bhfeidhm, tapóidh an Rialtas an deis iontach atá ar fáil faoi láthair ar mhaithe le saol na tuaithe in Éirinn.”

Tá teacht ar Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025 anseo.

 

CRÍOCH

Teagmháil:

Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

076-1006993 / 087-1734633

Press.office@drcd.gov.ie

NÓTA DON EAGARTHÓIR

Na Bearta Príomhthábhachta

 Áirítear ar na bearta príomhthábhachta a thabharfar i gcrích faoi Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann:

 

Cianobair

Craobhchóras lena mbainfidh níos mó ná 400 mol cianoibre a chur ar bun ar fud na tíre ionas gur féidir le breis daoine maireachtáil agus oibriú i gceantair thuaithe.

Tástáil phíolótach a dhéanamh ar mhoil comhoibre agus sealaíocht deisce do sheirbhísigh poiblí i mbailte réigiúin.

Athrú go dtí 20% den obair san earnáil phoiblí ina cianobair sa bhliain 2021, le hardú breise in aghaidh na bliana go ceann na gcúig bhliana amach romhainn.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, Fiontraíocht Éireann agus Údarás na Gaeltachta cianobair chun cinn ar fud na gcliantchomhlachtaí agus soirbheoidh siad do thapú na ndeiseanna cianoibre.

Cuirfear cistíocht ar fáil d’athrú cuspóra maidir le foirgnimh atá folamh i lár na mbailte móra d’fhonn a gcóiriú ina moil cianoibre.

Athbhreithniú a dhéanamh mar chuid de Bhuiséad 2022 ar na socruithe cánach, don fhostóir agus don fhostaí araon, maidir le cianobair.

Reachtaíocht a chur chun cinn i rith na bliana 2021 chun a thabhairt de cheart don fhostaí cianobair a iarraidh.

Cistíocht a chur ar fáil do na hÚdaráis Áitiúla maidir le feachtais shaindírithe a eagrú d’fhonn cianoibrithe a mhealladh go dtí limistéar an údaráis.

Scrúdú a dhéanamh maidir le tionscnaimh faoi leith a d’fhéadfaí a chur ar bun chun cianoibrithe agus daoine cumasacha siúlacha a mhealladh ina gcónaí i mbailte móra faoin tuath.

Athbheochan ar Bhailte agus ar Shráidbhailte faoin Tuath

An fhorbairt agus an t-athbheochan ar bhailte faoin tuath a chur i gceartlár dhéanamh na gcinntí trí chur chuige bunaithe ar Thús Áite ag Lár an Bhaile.

Infheistíocht shuntasach a dhéanamh san athbheochan ar lár na mbailte móra trí Chiste Forbartha agus Athbheochana na Tuaithe dar luach €1 Billiún.

Scéim nua phíolótach a thabhairt chun cinn chun treisiú le húsáid as tithe ósta faoin tuath mar spás pobail agus mar mhol seirbhísí áitiúla.

Scrúdú a dhéanamh maidir le Ciste Úinéireacht an Phobail a chur ar bun trína gcuideofaí le grúpaí pobail agus le fiontair shóisialta sócmhainní pobail agus áiseanna áitiúla, a bheadh i mbaol a gcaillte, a cheannach nó a ghlacadh ar láimh.

Mar chuid de Bhuiséad 2022, scrúdú a dhéanamh maidir le cúnamh airgid de chineálacha nua lena spreagfaí cónaí a dhéanamh i mbailte móra faoin tuath.

Díolúine a thabhairt maidir le spásanna ‘os cionn an tsiopa’ ionas nach gá cead pleanála maidir le hathrú úsáide go dtí úsáid tithíochta.

Cur le cumhacht na nÚdarás Áitiúil bearta dreasachta bunaithe ar rátaí tráchtála a thairiscint d’fhonn díriú ar aonaid fholmha tráchtála.

Cistíocht a chur ar fáil maidir le forfheabhsú agus nuachóiriú ar éadanas siopaí agus ar dhreach sráide.

Scrúdú a dhéanamh maidir le reachtaíocht a thabhairt isteach i ndáil le ‘úsáid idir an dá linn’ ionas gur féidir foirgnimh agus siopaí folmha ar an bpríomhshráid a chur ar ais in úsáid go sealadach mar phreabshiopa, margadh sráide nó spás taispeántais.

Leathnú le Scéim Athnuachan na mBailte agus na Sráidbhailte mar phríomhacmhainn maidir le foirgnimh fholmha agus thréigthe a chur ar ais in úsáid mar spás ilúsáide agus mar spás cónaithe.

Cistíocht a chur ar fáil maidir le cóiriú ar lár an bhaile agus forbairt ar spásanna faoin aer i mbailte móra faoin tuath mar spás sóisialta.

Tús áite a thabhairt do bhailte móra agus do chathracha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath maidir le hionaid nua Ghníomhaireachtaí Stáit, Ranna Rialtais agus fhiontair eile.

Soirbhiú don Cheangal Digiteach agus do Chineálacha Nua Teicneolaíochta

An Plean Náisiúnta Leathanbhanda a thabhairt i bhfeidhm, an infheistíocht is mó i réimsí tuaithe na hÉireann ó tháinig an leictreachas.

Scrúdú a dhéanamh maidir le bealaí ina bhféadfaí brostú leis an PNLB ionas go mbeadh ceangal ar fáil a luaithe is féidir i gceantair thuaithe.

Cur leis an acmhainn foghlaim i gcéin agus foghlaim mheasctha a dhéanamh ionas gur féidir le daoine óga cúrsaí breisoideachais agus ardoideachais a thapú agus iad ina gcónaí i measc phobal a n-áite féin.

Cuidiú le gnólachtaí fiontraíochta faoin tuath leathnú amach in earnálacha agus i margaí nua trí leas a bhaint as ceangal leathanbhanda ardluais agus as cineálacha nua teicneolaíochta.

Deontais a chur ar fáil do ghnólachtaí miondíolacháin i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuath maidir le teacht i láthair ar líne d’fhonn cur leis an méid tráchtála a dhéanann siad ar an sean-nós.

Straitéis nua maidir le Litearthacht Dhigiteach don Duine Fásta a leagan amach agus a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leis an uile dhuine, gan bheann ar aois, tairbhe a bhaint as an acmhainn ceangail agus as na deiseanna a chruthaítear leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Jabanna

Infheistíocht a dhéanamh, faoin bPlean Forbartha Náisiúnta leasaithe, i dtograí bonneagair mórthábhachta ionas go dtugtar cothromaíocht i gcrích maidir le forbairt réigiúnach.

Sprioc 400 togra nua infheistíochta ag an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail in ionaid réigiúnacha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a leagan síos maidir leis na blianta 2021-2024.

Foirgnimh Ardréim Teicneolaíochta a fhorbairt agus a thógáil chomh maith le spás tuirlingthe ag comhlachtaí ilnáisiúnta i 19 ionad straitéiseach ar fud na réigiún.

Infheistíocht a dhéanamh agus níos mó Ollscoileanna Teicneolaíochta a chur ar fáil d’fhonn cuidiú le bonn treise a chur faoin bhforás réigiúnach agus feidhmiú mar bhonnchloch faoi fhorbairt eacnamaíochta, bearta taighde agus infheistíocht sna réigiúin.

Plean Gníomhaíochta nua a fhoilsiú maidir le Printíseachtaí ionas go gcinntítear clár printíseachta nua-aimseartha sochóirithe ar fáil maidir leis na hearnálacha príomhthábhachta sna réigiúin

Sainiúlacht Cheantair Tuaithe na hÉireann maidir le cúrsaí Turasóireachta, Cultúir agus Oidhreachta

Straitéis Náisiúnta nua maidir le Caitheamh Aimsire faoin Spéir a thabhairt isteach, agus bonn treise á chur faoi le hinfheistíocht breise i slite siúlóide, i mbealaí glasa, i mbealaí rothaíochta, i mbealaí gorma, in iascaireacht slaite agus in áiseanna eile faoin tuath ionas go mbíonn gnóthachtáil ón éileamh breise atá ar thurasóireacht eachtraíochta agus tairbhe eacnamaíochta ag bailte móra agus sráidbhailte faoin tuath.

Straitéis na Spéartha Dubha a leagan amach den chéad uair in Éirinn, le béim ar na deiseanna is féidir a chruthú don phobal faoin tuath leis an meascán faoi leith seo idir cúrsaí turasóireachta agus eolaíochta.

Cuidiú le tograí suaitheantais nua turasóireachta trasteorann, mar shampla Canáil Uladh, a thabhairt chun cinn.

Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta a chur i bhfeidhm i ngach limistéar Údaráis Áitiúil, “Laethanta Cultúir” san áireamh, d’fhonn an oidhreacht cultúir go háitiúil a chur ar taispeáint.

Cónaí faoin Tuath

Leasú a dhéanamh ar na Treoirlínte maidir le Tithíocht faoin Tuath do na húdaráis phleanála.

An scóip a bhainfeadh le seirbhísí breise de chuid an Rialtais a chur ar fáil trí chraobhchóras na n-oifigí poist a thabhairt chun suntais.

Clár Sealadach LEADER dar luach €70 milliún a chur i bhfeidhm maidir le forbairt tuaithe faoin cheannródaíocht an phobail i rith na mblianta 2021-2022, agus clár nua LEADER a leagan amach agus a thabhairt i gcrích a gcuirfear tús leis sa bhliain 2023, i gcomhréir le creat cistíochta an AE.

Seirbhísí iompair phoiblí níos fearr a chur ar fáil faoin tuath, lena n-áirítear bearta forfheabhsúcháin maidir le Local Link, Scéim Hacnaí Limistéir Áitiúil le fóirdheontas maidir le hionaid iargúlta agus scéim phíolótach d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar an deis a bhainfeadh le seirbhísí maidir le síob a fháil d’fhonn feabhas ar chúrsaí taistil faoin tuath.

Ardú ar líon na n-ionad ar an Scéim Shóisialta Tuaithe, TÚS agus Scéimeanna Fostaíochta Pobail d’fhonn cuidiú leis an bpobal i bpobail faoin tuath.

96 Craobhchóras Pobail Cúram Sláinte nua a chur ar bun ar fud na tíre mar chúnamh do dhaoine agus iad ag maireachtáil go neamhspleách i measc phobal a n-áite féin trí chomhordú agus slánchóiriú ar sheirbhísí le dochtúirí teaghlaigh, le ceannasaithe na gcúramóirí gairmiúla sláinte agus sóisialta agus na n-altraí ar leibhéal an cheantair.

Bonn treise a chur faoi bhearta taighde agus forbartha i réimsí éagsúla, mar shampla bia agus talmhaíocht, córais bunaithe ar an mbitheolaíocht, talmhaíocht ríomheagraithe agus mínsaothrú talmhaíochta, ionas go spreagtar agus go gcothaítear nuáil agus leathnú beartaíochta.

Leathnú ar líon mhargaí na bhfeirmeoirí, ar líon na siopaí feirme agus ar líon na margaí pobail sna bailte móra ar fad, ionas go gcuirtear toradh saothair fheirmeoirí,  lucht curadóireachta agus tháirgeoirí bia na háite i lár an aonaigh.

htaíocht a rith chun forálacha leasaithe maidir leis an Socrú Cóir a chur i bhfeidhm i ndáil le sócmhainní atá faoi úinéireacht an teaghlaigh agus feirmeacha agus gnólachtaí atá á rith ag an teaghlach.

Treisiú le hathbheochan ó ghlúin go glúin, cuidiú le fir agus mná óga i mbun feirmeoireachta san áireamh, tríd an gComhbheartas Talmhaíochta, bearta cánach agus an teacht ar thionscnaimh airgid.

Beartas nua 10 mbliana a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm maidir leis na hoileáin amach ón gcósta a fhorbairt.

Moil fiontraíochta a chur ar bun ar na hoileáin mar bhonn treise faoi dheiseanna fostaíochta

Na hoileáin a úsáid mar ionaid tástála maidir le réimsí nua teicneolaíochta, mar shampla rShláinte agus micrighineadóireacht i ndáil le fuinneamh inathnuaite.

 

Tacú le Pobail

Cur chuige slánchóirithe bunaithe ar an áit a thabhairt chun cinn maidir leis an bhforbairt tuaithe ionas go dtarlaíonn oiread infheistíochta agus is féidir agus go sásaítear an riachtanas fadtéarmach maidir le paróistí, sráidbhailte agus bailte móra faoi leith trí chúnamh taca a thabhairt don phobal in áiteanna faoin tuath Máistirphlean comhleanúnach fadtéarmach a leagan amach don cheantar.

Tairseach ar líne a thabhairt chun cinn ar a leagfar amach an córas cistíochta faoi na cláir agus scéimeanna éagsúla maidir le forbairt tuaithe agus forbairt pobail atá ar fáil ar fud an Rialtais.

Tionól Óige Cheantair Thuaithe a chur ar bun ionas gur féidir le daoine óga a mhaireann faoin tuath in Éirinn lón tuairimíochta a chur in iúl go leanúnach maidir leis na ceisteanna a théann i gcion orthu agus i bhfeidhm ar an saol atá i ndán dóibh.

Cúltaca Saorálaíochta buan a chur ar bun go háitiúil ar féidir le heagraíochtaí pobail, grúpaí deonacha agus na húdaráis áitiúla cúnamh a iarraidh orthu.

Straitéis Dhigiteach Áitiúil a leagan amach agus a chur i bhfeidhm i ngach limistéar Údaráis Áitiúil d’fhonn an leas is mó is féidir a bhaint as an bhfeabhas maidir le ceangal digiteach ag gnólacht agus ag pobal na comharsanachta faoin tuath.

 

Aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide

An leas is fearr as acmhainní agus buntáistí na tíre maidir leis an Eacnamaíocht Ghlas a thabhairt i gcrích ionas go gcuirtear bonn daingean faoi dheiseanna fostaíochta ag an bpobal i réimsí éagsúla, mar shampla, fuinneamh inathnuaite, turasóireacht inmharthana, aisfheistiú, eacnamaíocht na bitheolaíochta agus geilleagar an chiorcail.

Cistíocht a chur ar fáil a chuideoidh le cuibhrinn agus garraithe pobail a fhorbairt go háitiúil.

Faoin gCiste don Athrú Cóir, tograí suaitheantais mórscála a thabhairt i gcrích, mar shampla an togra €108 milliún ag Bord na Móna maidir le hAthchóiriú Portaigh, ionas go gcuidítear leis an bpobal dul in oiriúint don réimeas eacnamaíochta atá neodrach ó thaobh carbóin.

A thabhairt gur féidir páirt a bheith ag fuinneamh pobail san obair maidir leis an sprioc a shásamh ar a laghad 70% den leictreachas a ghineadh ó fhoinsí inathnuaite faoin mbliain 2030, le bearta cúnta de leithéid Chiste Sochair Pobail agus catagóir pobail faoin Scéim Tacaíochta um Leictreachas Inathnuaite.

 

Forléargas

Beartas nua uile-Rialtais maidir le saol na tuaithe in Éirinn i rith na mblianta 2021-2025 atá in Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann.  Tá suntas leis maidir le cur chuige nua i ndáil leis an mbeartas forbartha pobail in Éirinn.

Cuirtear faoin mbeartas nua leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Forbairt Pobail 2017-2019 ach téitear níos faide ná sin trí thabhairt faoi chur chuige níos straitéisí, níos ardaidhmeannaí agus níos uilechuimsithí i ndáil le hinfheistíocht i gceantair thuaithe agus an leas is fearr a bhaint as deiseanna.  Dírítear ar na deacrachtaí atá roimh cheantair tuaithe chomh maith leis na deiseanna atá ag teacht chun cinn do réimeas eacnamaíochta agus don phobal faoin tuath, le gnéithe éagsúla, mar shampla cianobair agus an t-athrú go dtí modh saoil atá neodrach ó thaobh na haeráide, san áireamh.

Tabharfar aidhmeanna an bheartais i gcrích trí 150 gealltanas a chur i bhfeidhm i ndiaidh a chéile i rith na gcúig bhliana seo amach romhainn agus sin ar fud Ranna éagsúla Rialtais agus gníomhaireachtaí.  Beidh polasaithe nua á dtabhairt san áireamh i rith ré feidhme na straitéise chun dul i ngleic le riachtanais agus deiseanna nua a thagann chun cinn i gceantair thuaithe.

Cuirfear bonn treise faoi le hinfheistíocht ar fud an Rialtais uile i réimsí éagsúla, mar shampla córas leathanbhanda ardluais a thabhairt i gcrích, áiseanna cianoibre, cruthú fostaíochta, athbheochan lár na mbailte móra, forbairt pobail, feabhas ar bhóithre réigiúnacha agus ar bhóithre áitiúla, córais nua slite rothaíochta agus coisíochta, leathnú ar sheirbhísí iompair faoin tuath, cistíocht do thograí turasóireachta, cultúir agus oidhreachta agus athrú cóir cothrom go dtí modh saoil atá neodrach ó thaobh na haeráide.

Tá Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann ag teacht go caomhchóirithe le polasaithe agus straitéisí eile de chuid an Rialtais, mar shampla Tionscadal Éireann 2040, an Plean Gníomhaíochta maidir le Cúrsaí Aeráide, an Plean Náisiúnta nua maidir le Téarnamh Eacnamaíochta, an Plean Náisiúnta Leathanbhanda, an Straitéis Náisiúnta Cianoibre, agus an tionscnamh maidir le Tús Áite ag Lár an Bhaile.  Leagtar béim faoi leith faoin mbeartas ar an tábhacht atá leis na tionscnaimh sin i gceantair thuaithe.

Tháinig ceapadh an bheartais faoi anáil phróiseas forleathan comhairliúcháin le cuid mhór páirtithe leasmhara faoin tuath i rith na mblianta 2019 agus 2020.

An Fhís agus na Cuspóirí

Leagtar amach i Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann Aisling agus Aidhmeanna trína bhfeictear buntábhacht le saol na tuaithe in Éirinn maidir leis an téarnamh tar éis phaindéim COVID-19 agus leis an rath eacnamaíochta, sóisialta, cultúrtha agus timpeallachta ar an tír go fadtéarmach.

Maidir leis an bhFís, leagtar béim ar an dlúthcheangal idir réimsí tuaithe agus limistéir foirgníochta agus admhaítear:

  • go bhfuil tábhacht lárnach le daoine a mhaireann faoin tuath in Éirinn;
  • an tábhacht atá háiteanna faoin tuath atá beo bríomhar agus cónaí ar dhaoine iontu; agus
  • an deis atá i gceantair thuaithe bonn a chur faoi phoist den rath agus soirbhiú do bhuanú an chomhshaoil.

Beidh an beartas ina spreagadh ag an bpobal i réimsí tuaithe pleananna slánchóirithe comhleanúnacha a leagan amach maidir le riachtanais fhadtéarmacha an cheantair le haird ar an éagsúlacht atá idir na ceantair thuaithe ar fad agus leis an tuiscint nach bhfuil aon seift amháin ar fáil trínar féidir freastal do na riachtanais forbartha i gceantair faoi leith.

 

Torthaí

Feicfear de thoradh ardleibhéil ar an mbeartas seo a thabhairt i gcrích:

  • Líon níos mó daoine ina gcónaí faoin tuath in Éirinn, cónaí sna bailte agus sna sráidbhailte san áireamh agus ar na hoileáin;
  • Líon níos mó daoine ag obair faoin tuath in Éirinn, agus slí ghairme den rath os a gcomhair gan bheann ar ionad cheanncheathrú an fhostóra;
  • Saol na tuaithe in Éirinn ag déanamh tairbhe don athrú go dtí réimeas eacnamaíochta atá éadrom ó thaobh carbóin agus go dtí saol atá neodrach ó thaobh na haeráide agus ag baint tairbhe as an athrú céanna sin;
  • Bailte faoin tuath ina lárionaid bhríomhara maidir le cúrsaí tráchtála agus sóisialta; agus
  • Páirt ghníomhach ag pobal na tuaithe, agus go háirithe ag na daoine óga, i múnlú shaol na todhchaí faoin tuath in Éirinn.

  

Téamaí

Dírítear i Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann ar chuspóirí de réir na dtéamaí seo a leanas:leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna a bhaineann do phobal na tuaithe le ceangal leathanbhanda ardluais go háirithe trí infheistíocht i gcúrsaí cianoibre

  • Freastal do dheiseanna fostaíocht agus do shlite gairme ar chaighdeán níos fearr i gceantair thuaithe
  • Freastal don athnuachan, don athlonnaíocht agus don fhorbairt ar bhailte mór agus ar shráidbhailte faoin tuath
  • Feabhas maidir le cúrsaí rannpháirtíochta, ceannaireachta agus díonseasmhachta i gcomharsanachtaí faoin tuath
  • Forfheabhsú ar sheirbhísí poiblí i gceantair thuaithe
  • Athrú go dtí modh saoil atá neodrach ó thaobh na haeráide
  • Treisiú le Cúrsaí Inmharthanachta maidir leis an Talmhaíocht agus le hAcmhainní Nádúrtha
  • Treisiú le hinmharthanacht an phobail ar na hoileáin agus le cósta
  • Cultúr agus oidhreacht na tíre a chothú (tá seo ag rith leis na téamaí eile chomh maith).
  • Beidh níos mó ná 150 geallúint beartais, le Roinn Rialtais nó Gníomhaireacht ainmnithe le gach ceann acu, á dtabhairt chun cinn i ndáil leis na téamaí seo i rith thráthchlár 5 bhliana an pholasaí.  Fágfaidh clár oibre bliantúil gur féidir bearta nua a thabhairt san áireamh i rith ré an bheartais d’fhonn freastal do riachtanais nua a thiocfadh chun cinn maidir le pobal na tuaithe.

About the Author

Leave a Reply